Siobhán Nà Dhuibhir
D’éirigh mé ar maidin a tharraint chun aonaigh mhóir
a dhà ol is a cheannacht mar a dhéanadh mo dhaoine romham.
Bhuail tart ar an bhealach mé is shuigh mise sà os a dh’ól
is le Siobhán Nà Dhuibhir gur ól mise luach na mbróg.


A Siobhán Nà Dhuibhir an miste leat mé bheith tinn?
Mo bhrón is mo mhilleadh más miste liom tú bheith i gcill.
Bróinte ’s muilte bheith ’scileadh ar chúl do chinn
ach cead a bheith in Ioras go dtara sà ol Éacha chun cinn.


A Siobhán Nà Dhuibhir is tú bun agus barr mo scéil.
Ar mhná na cruinne go dtug sise an báire léi
le gile le finne le maise is le dhá dtrian scéimh
is nach mise an trua Mhuire bheith ag scaradh amárach léi.


Thiar in Iorras tá searc agus grá mo chléibh,
planta an leinbh a d’eitigh mo phósadh inné.
Beir scéala uaim chuici má thus mise póg dá béal
go dtabharfainn dà tuille dá gcuirfeadh sà bólacht léi.


Beir scéala uaim chuige go dearfá nach bpósaim é
ó chuala mise gur chuir sé le bólacht mé.
Nuair nach bhfuil agamsa maoin nó mórán spré,
bà odh a rogha bean aige is beidh mise ar mo chomhairle féin.